An Beartas Meán Sóisialta

Social Media Policy

Íoslódáil Beartas Meán Sóisialta FSPO mar dhoiciméad PDF

Tugtar breac-chuntas sa bheartas seo ar an gcaoi a n-úsáideann an tOmbudsman Seirbhísí Airgeadais agus Pinsean (OSAP) na meáin shóisialta chun plé lena pháirtithe leasmhara agus ar an gcaoi a mbímid i mbun cumarsáide ar na hardáin sin.

A bhfuil romhat ar ár meáin shóisialta

Má leanann tú muid ar na meáin shóisialta, féadfaidh tú a bheith ag súil le físeáin agus postálacha a chumhdaíonn na nithe seo a leanas ar fad, nó cuid díobh, ar YouTube agus Facebook:

  • Faisnéis a bhfuil d'aidhm léi feasacht agus tuiscint a mhéadú ar ról agus feidhm an OSAP, agus a dhoimhníonn an rannpháirtíocht le páirtithe leasmhara ábhartha, físeáin agus bileoga eolais ina measc
  • Preaseisiúintí
  • Fógraí faoi fhoilseacháin nua lena n-áirítear Achoimrí ar Chinntí, an Forléargas Bliantúil ar Ghearáin agus ár dTuarascáil Bhliantúil
  • Faisnéis faoi nuashonruithe ar ár mBunachar Sonraí Cinntí
  • Comórtais earcaíochta san OSAP
  • Postálacha a chomhroinntear ó úsáideoirí eile ar ábhar spéise iad dár leantóirí dar linn, go háirithe postálacha ó chomhlachtaí Rialtais

Cuntais a leanúint, 'is maith liom' a thabhairt agus postálacha a chomhroinnt

Leanaimid cuntais agus leathanaigh ábhartha, cinn comhlachtaí Rialtais ina measc. Má leanann tú muid, ní leanfaimid ar ais thú go huathoibríoch. Ní thugann 'is maith liom' a chur ar ábhar, ná ábhar a chomhroinnt nó a leanúint, le fios go dtacaíonn an OSAP leis.

Nótaí Tráchta agus Teachtaireachtaí Díreacha

Fáiltímid roimh aiseolas ar ár seirbhísí agus roimh cheisteanna a bhaineann lenár ról. Ach níl ár gcustaiméirí agus ár bpáirtithe leasmhara ceaptha an leas a bhainimid as na meáin shóisialta a úsáid mar bhealach chun dul i dteagmháil leis an OSAP ná chun ceisteanna pearsanta nó preasa a chur faoinár mbráid. Ní mheastar gur ionann teachtaireacht a chur ar na meáin shóisialta agus dul i dteagmháil leis an OSAP go hoifigiúil. Tá ár sonraí teagmhála ar ár suíomh gréasáin agus ba cheart ceisteanna meán a sheoladh chuig media@fspo.ie. Ní ghlacfaidh an OSAP le teachtaireacht a chuirtear ar Facebook mar theagmháil oifigiúil leis an eagraíocht seo.

Díchumasaítear nótaí tráchta ar ár leathanaigh Facebook agus YouTube go hiondúil. Déantar amhlaidh mar gheall ar chomh híogair agus a bhíonn ár ngnó agus chun príobháideacht ár n-úsáideoirí seirbhísí a chosaint.

Ní ghlacfaidh an OSAP le gearáin a chuirtear faoina bhráid ar na meáin shóisialta. Ní ghlacfar le gearáin seachas má dhéantar iad de réir na modhanna a phléitear in "Making a complaint" shuíomh gréasáin an OSAP.

Modhnóireacht

Ní ghlacann an OSAP le freagracht as ábhar aon nóta tráchta a phostálann tríú páirtithe ar na hardáin meán sóisialta. Cé go ndíchumasaítear nótaí tráchta go hiondúil, scriosfaimid nótaí tráchta ina bhfuil, nó a nascann le:

  • Teanga idirdhealaitheach, gháirsiúil, mhaslach, bhulaíochta, chlúmhillteach nó dhochrach faoi dhaoine nó eagraíochtaí
  • Aon rud a dhíríonn go diúltach ar dhaoine nó grúpaí bunaithe ar chine, eitneacht, creideamh, inscne nó aon stádas cosanta eile faoi reachtaíocht chomhionannais na héireann
  • Tráchtaireacht nó díospóireacht pholaitiúil
  • Faisnéis atá míchruinn ó thaobh na bhfíricí de, calaoiseach, cealgach nó míthreorach
  • Faisnéis phríobháideach nó óna n-aithneofaí duine go pearsanta ar nós ainmneacha, seoltaí ríomhphoist, seoltaí, uimhreacha gutháin, uimhreacha PSP
  • Uimhreacha tagartha gearán, ainmneacha soláthraithe atá bainteach le gearán linn, agus sonraí faoi ghearán a cuireadh faoi bhráid an OSAP
  • Rud ar bith a sháraíonn cóipcheart nó cearta maoine intleachtúla duine eile
  • Faisnéis nó naisc nach mbaineann le hábhar
  • Bolscaireacht nó turscar tráchtála

Uaireanta Oibre

Bainistíonn comhaltaí foirne a údaraíonn an OSAP ár suíomhanna meán sóisialta.

Déanann an OSAP nuashonrú agus monatóireacht ar ár gcuntais mheán sóisialta ó Luan go hAoine, i rith na ngnáthuaireanta oifige.

Ní ghlacann an OSAP le haon fhreagracht as easpa seirbhíse de bharr go bhfuil aon chuntas ar na hardáin meán sóisialta ar sos.

Príobháideachas

Óstálann Facebook agus YouTube ár gcuntais mheán sóisialta. Tá a mbeartais príobháideachais siúd le fáil ar líne:
Beartas príobháideachais Facebook
Beartas príobháideachais YouTube

Caitear le haon fhaisnéis phríobháideach de réir an bheartais meán sóisialta seo agus Bheartas Príobháideachais an OSAP.

Tá an Coimisiún um Chosaint Sonraí tar éis treoir a chur i dtoll a chéile chun cabhrú leat do phríobháideachas a chosaint ar na meáin shóisialta, agus seans go mbainfeá leas as an treoir sin.