Annual Financial Awareness Campaign
16-22 March 2026

What is an Ombudsman? | Video Transcript

Cad is Ombudsman ann?

Téacs físeáin

Fiosraíonn Ombudsman gearáin ó dhaoine den phobal a gcreideann gur chaith an Stát agus eagraíochtaí eile go míchothrom leo.

Tá oifigí Ombudsman saor in aisce, neamhspleách, neamhchlaonta agus cóir.

Is ann dúinn chun cuidiú le daoine a mbealach a dhéanamh trí chleachtais agus nósanna imeachta casta.

Tá seachtar Ombudsman ann in Éirinn.

Is féidir leat gearáin a dhéanamh leis na hOmbudsmain seo a leanas.

  • Oifig an Ombudsman Seirbhísí Airgeadais agus Pinsean, i gcás gearáin faoi sheirbhísí airgeadais, cuir i gcás bainc, cuideachtaí árachais, soláthraithe pinsean agus bróicéirí.
  • Oifig an Ombudsman, i gcás gearáin faoi sholáthraithe áirithe seirbhísí poiblí, cuir i gcás ranna rialtais, údaráis áitiúla, FSS agus soláthraithe oideachais tríú leibhéal a fhaigheann maoiniú poiblí.
  • Oifig an Ombudsman do Leanaí, i gcás gearáin faoi sheirbhísí a chuireann eagraíochtaí poiblí ar fáil do leanaí.
  • Fiosrú, Oifig an Ombudsman Póilíneachta, i gcás gearáin ó dhaoine den phobal faoin nGarda Síochána.
  • Oifig an Choimisinéara Teanga, i gcás gearáin a bhaineann le deacrachtaí teacht ar sheirbhísí poiblí i nGaeilge.
  • Oifig Ombudsman an Phreasa, i gcás gearáin faoi nuachtáin agus irisí clóite agus ar líne agus faoi fhoilseacháin nuachta ar líne amháin.
  • Oifig an Ombudsman d’Óglaigh na hÉireann, i gcás gearáin ó phearsanra míleata reatha nó iarphearsanra míleata faoi Óglaigh na hÉireann.
  • Agus gearán á dhéanamh agat le hOmbudsman, ní mór duit gearán a dhéanamh ar an gcéad dul síos leis an gcomhlacht sin a bhfuil tú míshásta leis.

Mura sásóidh an freagra a gheobhaidh tú ón gcomhlacht thú, is féidir do ghearán a chur faoi bhráid an Ombudsman cuí lena fhiosrú.